Ógtheagmháil
Ógtheagmháil
Clár oideachais, traenála agus taithí oibre do luathfhágálaithe scoile is ea Ógtheagmháil, a sholáthraítear i suíomh eis-scoile.
Is aidhm don chlár na bunscileanna is gá do dhaoine óga, 15 go 20 bliana d'aois, a fhorbairt, le rochtain ar oideachas athdheise agus breise agus fostaíochta. Tá teastasú náisiúnta ar fáil trí FETAC agus is féidir dul le roghanna an Teastais Shóisearaigh agus Ardteistiméireachta chomh maith. Íoctar liúntas freastail ar bhonn pro rata leis na rannpháirtithe uile ar roghanna lánaimseartha nó páirtaimseartha.
Soláthraíonn na hionaid uile Ógtheagmhála raon de sheirbhísí ina measc clár chreidiúnaithe FETAC, An Teastas Sóisearach, Ardteistiméireacht, Cláir MMTF agus TFO, ag brath ar éileamh. Soláthraíonn Ógtheagmháil Clár ROS (Riachtanais Oideachais Speisialta) a dearadh le freastal ar dhaoine óga atá measúnaithe mar dhaoine le hildeacrachtaí foghlama.
Déan teagmháil leis an gcomhordaitheoir i d'Ionad áitiúil.
ATOAO
Is aidhm don Aonad Tacaíochta agus Traenála don Óige luathfhágálaithe scoile a aithint d'fhonn iad a thraschur agus a nascadh leis na soláthróirí seirbhíse aus traenála atá ar fáil sa cheantar. Tá foireann ag an aonad a aithníonn agus a thugann tacaíocht go forghníomhach do luathfhágálaithe scoile ina bpobal féin.
Ionaid Ógtheagmhála - CGOid Chontae Átha Cliath:

