Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais
SDOG - Tá "Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais" ina chlár athdheise oideachais agus traenála. Soláthraíonn sé deis d'aosaigh dífhostaithe filleadh ar oideachas lánaimseartha gan a gcuid íocaíochtaí leasa shóisialaigh a chailliúint.
Tá an clár comhdhéanta de thart ar thríocha uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine. Ar na hábhair a mhúintear tá Béarla agus Mata chomh maith le raon d'ábhair ghairmoideachais. Is féidir chomh maith go mbeadh ar do chumas teastas a fháil in ábhair ar leibhéil an Teastais Shóisearaigh agus Ardteistiméireachta agus /nó ó FETAC, City and Guilds nó comhlacht eile dámhachtana.
Tá mic léinn SDOG incháilithe le bheith rannpháirteach i gcúrsaí IAT/Breis Oideachais, faoi réir ag coinníollacha áirithe
Cuimsíonn incháilitheacht -
Aois 21 nó os a chionn
bheith ag fáil cúnaimh fhostaíochta nó sochar dífhostaíochta nó a bheith ag síniú do chreidiúintí ar feadh sé mhí ar a laghad nó
Bheith ag fáil íocaíocht tuismitheora aonair, sochar míchumas*, pinsin easláine, ar feadh sé mhí ar a laghad nó céile cleithiúnach ar feadh sé mhí ar a laghad.
*Sochair Mhíchumais: Freastal ar chúrsa faoi réir ag coinníollacha. Déan teagmháil le CGOid Chontae Átha Cliath dona thuilleadh faisnéise.
Sochair SDOG
Coinnigh an leibhéal céanna íocaíochta agus tá á fáil agat faoi láthair ó d'íocaíocht leasa shóisialaigh
Íocaíocht bónais má tá tú ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh le bliain amháin roimh chlárú ar SDOG
Liúntas Lóin
Liúntas Taistil (ag brath ar fhad an turais ó bhaile go coláiste)
Leabhair agus ábhair in aisce
Seirbhísí teoranta um chúram leanaí
Foghlaim scileanna nua
Feabhsú deiseanna gairmré sa todhchaí
Méadú ar do mhuinín agus ar do chumais
Tá SDOG ar tairiscint sna Ionaid CGOid Chontae Átha Cliath seo a leanas :
Collinstown Park Community College
College of Further Education Dundrum
Deansrath Community College
Dundrum College
Grange Community College
Greenhills College
Riversdale Community College
Stillorgan College of Further Education
Tallaght Adult Education Service - St. Dominic’s
Tallaght Adult Education Service
Choices Shankill VTOS
Shanganagh Park House
Blanchardstown Adult Education Centre
Fingal Adult Education Service - Balbriggan

