Deontais Mac Léinn

Riarann CGOid Chontae Átha Cliath i bpáirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna scéim Deontais de réir acmhainne a thairgíonn tacaíocht airgeadais do mhic léinn a fhreastalaíonn ar ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta agus coláistí faofa IAT.
  • Riarann CGOid Chontae Átha Cliath na Scéimeanna Deontais seo a leanas:
  • Scéim Scoláireachta CGOid do mhic léinn atá ag freastal ar:
  • Cúrsaí Céime Onóracha agus Iarchéime ar Ollscoileanna in Éirinn do mhic léinn ag a bhfuil Ard-Teastas nó Gnáthchéim bhaint amach cheana féin
  • Cúrsaí Céime Onóracha agus Iarchéime ag Institiúidí Teicneolaíochta
  • Cúrsaí Céime Onóracha agus Iarchéime ar Ollscoileanna i mBallstáit eile an AE do mhic léinn ag a bhfuil Ard-Teastas nó Gnáthchéim bhaint amach cheana féin
Scéim Deontais Tríú Leibhéal d'Oiliúnaithe (TLO) do mhic léinn ag freastal ar:
Ard-Teastas agus Gnáthchéim ar Institiúidí Teicneolaíochta.
Scéim TLO 2010/2011
  
Scéim Deontais Chothabhála do Chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (IAT) do mhic léinn ag freastal ar:
Cúrsaí lán-aimseartha ar Choláistí faofa IAT
Scéim IAT 2010/2011
 
Déan teagmháil le do thoil le rannán na ndeontas do mhic léinn dona thuilleadh sonraí ar 4529647
 
Tá an fhoirm iarratais, nótaí treoracha agus faisnéis eile ar fáil le léamh agus le híoslódáil anseo.
 
Conas iarratas a dhéanamh
Feidhmíonn CGOid Chontae Átha Cliath Scéim dámhachtana deontas ar fhreastal ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta agus Institiúidí Teicneolaíochta agus faoi chúinsí áirithe ar fhreastal ar chúrsaí in Ollscoileanna agus in institiúidí eile Tríú Leibhéal sa RA agus i mBallstáit eile an AE d'iarrthóirí atá cáilithe do dhámhachtain deontas dá leithéid faoi réir ag téarmaí Scéimeanna Deontais na Roinne Oideachais agus Scileanna do 2010/2011:
Is féidir foirmeacha iarratais agus cóipeanna de Scéimeanna a íoslódáil nó iarratas a dhéanamh ar-líne ó www.studentfinance.ie mar atá thuas, a fháil tríd an bpost, nó trí ghlaoch ar CGOid Chontae Átha Cliath, Rannán na nDeontas do Mhic Léinn, 1 Geata Thuain, Cearnóg Belgard, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24. Teil. 4529647 . Tá ár gcuid línte teileafóin ar oscailt don phobal ó 9.30rn go 12.30in, Luan go hAoine agus tá ár gcuid oifigí ar oscailt don phobal ó 93rn go 12.30in, Luan go hAoine.
Mar gheall ar an líon mór fiosruithe a fhaighimid an tráth seo den bhliain, níl ar ár gcumas faoi láthair gach aon ghlaoch teileafóin/ fiosrú r-phoist a fhreagairt go hindibhidiúil. Is féidir go mbeadh Ceisteanna Coitianta in a chabhair duit. Mura bhfreagraíonn seo do cheist, cuir glaoch ar ár n-oifigí ag (01) 4529647 9.30rn go 12.30in Luan go hAoine.
5.00in, Eanáir 28, 2011 an dáta is déanaí d'iarratais comhlánaithe do CGOid Chontae Átha Cliath.