Dara Leibhéal
SCOILEANNA AGUS COLÁISTÍ DARA LEIBHÉAL
Tá freagracht faoi láthair ar CGOid Chontae Átha Cliath as 24 scoil agus coláiste Dara Leibhéal ar fud na trí cheantar údarás áitiúil sa réigiún riaracháin. Coláistí lánGhaelacha is ea ceithre scoil díobh.
Tá líon na mac léinn atá ag úsáid an oideachais lán-aimseartha dara leibhéal i scoileanna agus coláistí CGOid os cionn 10,000.
Scoileanna agus coláistí comhoideachais agus ilchreidmheacha is ea ár scoileanna agus ár gcoláistí uile. Tá líon áirithe díobh sainithe mar Choláistí Pobail agus tá ionadaithe ó Dheoise Chaitliceach Baile Átha Cliath ar a gcuid Bord Bainistíochta. Scoileanna gairmoideachais is ea an chuid eile.
I measc na gclár a thairgítear inár scoileanna tá an Teastas Sóisearach, Clár Scoile um Theastas Sóisearach, Idirbhliain, Ardteistiméireacht, Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta. Tairgítear an raon iomlán ábhar scoile sa tSraith Shóisearach agus sa tSraith Shinsearach araon.
Tá polasaí um chuimsiú oideachais i bhfeidhm ag CGO Chontae Átha Cliath i ngach ceann dá scoileanna agus déanann an CGO dianiarracht ar riachtanais oideachais na scoláirí uile a shásamh.
Tá roinnt dár scoileanna rannpháirteach sa chlár DEIS (Seachadadh ar Chomhdheis i Scoileanna), plean nua gníomhaíochta um chuimsiú oideachais a dhéanann soláthar do chóras caighdeánaithe chun leibhéil míbhuntáiste a aithint chomh maith le Clár nua Comhtháite Tacaíochta Scoile a aithint.
Tá féiniúlacht ar leith ag gach aon scoil agus coláiste laistigh dá cheantar sa mhéid is go soláthraíonn sé raon de chláir, a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail áitiúil agus an chohórt mac léinn.
Gliogáil ar ainm an Choláiste thíos dona thuilleadh faisnéise:
Coláistí lan Ghaelach.
SCOILEANNA AGUS COLÁISTÍ DARA LEIBHÉAL

