Acmhainní FETAC um Dhearbhú Cáilíochta
Acmhainní FETAC um Dhearbhú Cáilíochta
Dearbhú Cáilíochta is ea córas polasaí agus nósanna imeachta a ghabhann soláthróir lena ais le feidhmiú d'fhonn caighdeán a chuid clár a chothabháil agus a fheabhsú. Ní mór do na soláthróirí uile a thairgíonn cláracha i dtreo dámhachtainí FETAC a gcóras Dearbhaithe Cáilíochta a bheith comhaontaithe le FETAC.
Clúdaíonn an córas a éilíonn FETAC:
-
Cumarsáid
-
Comhionannas
-
Earcú agus Forbairt Foirne
-
Rochtain. Aistriú agus Dul Chun Cinn
-
Forbairt, Seachadadh agus Athbhreithniú Chlár,
-
Measúnúchán cothrom rianúil ar Fhoghlaimeoirí
-
Cosaint ar Fhoghlaimeoirí
-
Féin-luacháil ar Chlár agus Sheirbhísí.
Chomhaontaigh FETAC córas Dearbhaithe Cáilíochta CGOid Chontae Átha Cliath i bhFómhar 2006.
Tá acmhainní áirithe táirgthe ag CGOid Chontae Átha Cliath le tacaíocht a thabhairt d'fheidhmiúchán clár oideachais aosaigh agus breisoideachais:
Acmhainní le híoslódáil
Aiseolas d'Fhoghlaimeoirí - Treoirlínte
Aiseolas d'Fhoghlaimeoirí - Teimpléidí

