Scéim Deontais um Ghrúpaí Deonacha Áitiúla Do Dhao
Scéim Deontais um Ghrúpaí Deonacha Áitiúla Do Dhaoine Óga
Is aidhm don scéim tacaíocht a sholáthar do Chlubanna agus Ghrúpaí Deonacha a oibríonn le daoine óga ar leibhéal áitiúil. Is súil linn an scéim deontais a dhéanamh chomh hinrochtain agus chomh héasca agus is féidir don úsáideoir, agus i gcaitheamh an ama deimhin a dhéanamh de go bhfaigheann na daoine óga atá rannpháirteach sna clubanna agus sna grúpaí an sochar is mó is féidir as.
Tá raon de dheontais ar fáil. Níl aon sain-sprioc iata do chlárúchán ná d'iarratas ar dheontas toisc an scéim a bheith eagraithe i gcaitheamh na bliana ar fad.
Scéim Deontais Bliantúil do Chlubanna Óige
Soláthróidh an deontas bliantúil cúnamh do ghrúpaí don aos óg i dtreo a gcostas bliantúil riaracháin agus a gcláir. Ní mór Clubanna Ógra a bheith cláraithe le CGOid Chontae Átha Cliath le feidhm a bhaint as seirbhísí agus deontais.
Coinníollacha um Chlárúchán Chlubanna Ógra
1. Ní mór an Club Ógra nó na Grúpaí a bheith suite laistigh de theorainneacha cheantar abhantraí CGOid Chontae Átha Cliath. Cuimsíonn seo Contae Átha Cliath Theas, Fine Gall agus Dún Laoghaire / Ráth Dúin seachas buirg Dhún Laoghaire .
2. Ní mór obair don óige a bheith ina phríomhsprioc ag an gClub/ na Grúpaí
3. Ní mór an Club/ Grúpa a bheith deonach agus ní mór an rannpháirtíocht uile a bheith de chineál deonach.
4. Ní mór ballraíocht deich mball ar a laghad idir deic agus bliain is fiche a bheith ag an gClub/ nGrúpa
5. Ní mór don Chlub/ Ghrúpa raon de chláir de chineál áineasa agus oideachais a sholáthar ar bhonn rialta.
6. Ba chóir go mbeadh ar a laghad beirt chinnire deonach aosacha ag obair le híoslíon de dheichniúr ball agus íoschóimheas de haon go deich le líon breise de dhaoine óga.
7. Ba cheart go mbeadh coiste deonach bainistíochta le hoifigigh tofa ag an gClub/nGrúpa.
8. Ní mór don Chlub/ghrúpa leorárachas a bheith aige ar gach aon ghné dá chlár.
9. Ní mór taifead a choimeád ar leithéidí ioncam agus caiteachas, cuntais, mionchiste, miontuairiscí ar chruinnithe, comhfhreagras, agus clár na mball. Ní mór na taifid a bheith ar fáil do CGOid Chontae Átha Cliath ar iarratas.
10. Ba chóir Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí a bheith ag an gClub / nGrúpa.
11. Ba chóir ráiteas sábháilteachta a bheith ag an gClub / nGrúpa.
12. Ba cheart don Chlub / Grúpa a chuid gníomhaíochtaí a chomhlíonadh ar bhealach sábháilte freagrach i gcónaí
13. Ní mór don Chlub /Ghrúpa géilleadh do rialacháin CGOid Chontae Átha Cliath
DEONTAS TRAENÁLA
Tig e grúpaí iarratas a chur isteach ar fhóirdheontas i dtreo na gcostas ar shaorálaigh a thraenáil
DEONTAIS SPEISIALTA ÓGRA
Deontais aon uaire iad seo a ceapadh le cabhair a thabhairt do thionscnaimh speisialta oibre don aos óg, go háirithe iad sin a bheadh dírithe ar dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste.
Deontas Tionscanta
Tá an deontas seo ceaptha do ghrúpaí nua don aos óg gur gá dóibh cabhair lena gclár a thosú.
Deontas un Ghníomhaíocht /Chlár Speisialta
Clubanna nó grúpaí a chumasú le clár nár dhéanadh roimhe seo a thionscain is feidhm don deontas seo. Ní mór an clár a bheith oideachasúil agus ní mór daoine óga ann a bheith rannpháirteach i scileanna nua.
Deontas Forbartha
Cumasóidh an deontas seo grúpaí nó clubanna le dul i mbun tionscadail riachtanacha cothabhála i réimsí mar shláinte, sábháilteacht agus slándáil.
Deontas Spóirt don Aos Óg
Is aidhm don scéim tacaíocht a sholáthar do Chlubanna agus Ghrúpaí Deonacha a oibríonn le daoine óga ar leibhéal áitiúil.
Deontas um Thionscadal Speisialta
Leithdháilfear an deontas seo ar na grúpaí sin a théann i mbun tionscnaimh speisialta oibre don aos óg i gceantair faoi mhíbhuntáiste nach bhfaigheann deontas i gcabhair ón ROE faoi na Scéimeanna Deontais do Thionscadail Speisialta le cabhrú le Daoine Óga faoi Mhíbhuntáiste.

