Scéimeanna Deontais agus Cistíochta

Scéimeanna Deontais agus Cistíochta
Tacaíonn an áirithe sin scéimeanna atá cistithe ag Ranna Rialtais mar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leis an obair seo.
Is iad seo a leanas iad:
An Scéim Deontais do Thionscadail Speisialta don Ógra
Soláthraíonn seo cistíocht d’eagraíochtaí náisiúnta deonacha óige agus grúpaí áitiúla pobail chun tionscadail agus seirbhísí a fhreastlaíonn ar dhaoine óga atá mbaol agus faoi mhíbhuntáiste ina bpobail féin a fhorfheidhmiú. Oibríonn sé ar fud na tíre
 
An Ciste um Áiseanna agus Seirbhísí do Dhaoine Óga
Tá an Ciste um Áiseanna agus Seirbhísí do Dhaoine Óga ceaptha le ceadú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmiúchán ar chlár cosctha a dhíríonn ar na daoine óga sin atá i mbaol a bheith rannpháirteach i mí-úsáid drugaí. Feidhmíonn sé san áirithe sin ceantar ag na Tascfhórsaí Áitiúla Drugaí.
 
An Ciste um Ionaid Faisnéise don Ógra
Déantar cistiú ar Ionaid Faisnéise don Ógra le soláthar a dhéanamh do na daoine óga ar fad agus dóibh sin a oibríonn leo le comhairle traenáil agus faisnéis ábhartha.
 
Tionscadail an Tascfhórsa Drugaí
I dtosach báire d'aithin na Tascfhórsaí Áitiúla Drugaí na tionscadail seo don ógra mar ghníomhaíochtaí ina gcuid pleananna forbartha. Tá mórán díobh príomhshruthaithe anois mar thionscadail CGOid
 
Scéim Deontais na gClub Deonacha don Ógra
Soláthraíonn an scéim deontais seo deontas i gcabhair do ghrúpaí deonacha don ógra atá cláraithe leis an CGOid faoi shraith de cheannteidil .i. deontas bliantúil traenála, deontas um ghníomhaíocht ar leith etc.
 
Scéim Deontais um Spóirt don Ógra
Tá rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí spóirt ina ghné thábhachtach de sheirbhísí ógra agus don scéim deontais seo atá cistithe ag an gComhairle Spóirt. Soláthraíonn sé tacaíocht airgeadais do ghrúpaí spóirt don ógra, deontas i gcabhair i dtreo costas bliantúla reáchtála agus deontas aon uaire ar chláir speisialta.
 
Faoin Acht um Obair don Aos Óg 2001 tá na CGOid freagrach go hiomlán anois as comhordú agus forbairt seirbhísí don ógra laistigh dá réimeas agus as Plean Forbartha don Ógra a leagan amach dá gceantar. Is iad na pleananna seo croí lár an Phlean Forbartha Náisiúnta don Aos Óg, a bheidh ina chloch an chúinne d'fhorbairt seirbhísí don ógra do na cúig bliana atá romhainn.