Creidiúnú FETAC
Creidiúnú FETAC
Bhunaigh An tAire Oideachais agus Eolaíochta FETAC mar chomhlacht reachtúil ar an 11 Meitheamh 2001 faoin Acht um Cháilíochtaí (Oideachas agus Traenáil), 1999. Tá FETAC freagrach as dámhachtainí a bhíodh á ndéanamh ag BIM, Fáilte Ireland (COEO), FÁS, NCVA agus Teagasc agus tá breis is 430,000 dámhachtain déanta aige go dtí seo. Tugann siad creidiúnú ar 6 leibhéal cáilíochta.
Soláthraíonn CGOid Chontae Átha Cliath líon mór de chúrsaí breisoideachais ar Leibhéal 5/6 FETAC do mhic léinn le hOideachas ar chaighdeán oideachais Ardteistiméireachta (nó cáilíocht choibhéiseach). Maireann formhór na gcúrsaí 1 nó 2 bhliain. Tá teastasú breise ar chúrsaí ar leith faighte ó mhórán comhlacht náisiúnta agus idirnáisiúnta scrúdúcháin agus gairmiúlachta. Tá sé tábhachtach do mhic léinn a chláraíonn do chúrsa ar leith Breisoideachais seiceáil a dhéanamh le húdaráis an choláiste ar leith féachaint an ngabhann dámhachtain FETAC leis an gcúrsa sin agus an dtagann sé le riachtanais ar dhul chun cinn an fhoghlaimeora.
Tá na cúrsaí seo thar a bheith ina mbuntáiste oideachais don duine aonair agus ina theannta sin is féidir iad a úsáid mar chéim chlocháin go hoideachas príomhshrutha 3ú leibhéal. De ghnáth is féidir le comhordaithóirí na gcúrsaí eolas a thabhairt ar na naisc idir chúrsaí ar leith agus institiúidí 3ú leibhéal i bPoblacht na hÉireann agus sa R.A.

