Cúrsaí Oideachais Aosaigh ar Tháille
Cúrsaí Oideachais Aosaigh ar Tháille
Soláthraíonn CGOid Chontae Átha Cliath raon fairsing de chláir pháirt-aimseartha d'aosaigh.
Sainghné de Sheirbhís Oideachais Aosaigh CGOid Chontae Átha Cliath is ea a acmhainn le freagairt agus aithint a dhéanamh ar riachtanais oideachais i gceantar ar leith.
Níl oideachas aosach i CGOid Chontae Átha Cliath teoranta d'aon mhodh amháin feidhmíochta. Tá cláir fhoghlama ar fáil i suíomhanna áitiúla na Seirbhíse Oideachais Aosaigh, Scoileanna/Coláistí agus Coláistí Breisoideachais, for-rochtain agus pobail chomh maith leis an láthair oibre.
Tig leat clárú ar ár gcúrsaí oíche.
Don thuilleadh faisnéise maidir le ranganna déan teagmháil le d'Oifigeach um Oideachas Aosach nó leis an Stiúrthóir Scoilbhunaithe um Oideachas Aosach.
Scoileanna a thairgíonn Cúrsaí Oideachais Aosaigh:
SCOIL
STIÚRTHÓIR:
FÓN UIMH
Seirbhísí Réigiúnacha Oideachais Aosaigh
Toisc na seirbhísí a bheith inniúil le freagairt do riachtanais áitiúla, is féidir go dtarlódh athruithe agus go soláthrófaí ranganna nua le freastal ar na riachtanais sin. Lena chois sin, tairgítear gach aon rang agus cúrsa faoi réir ag íoslíon iarratas. Nuair nach leor an t-éileamh ar chúrsa ar leith, is féidir an tairiscint ar an gcúrsa a sholáthar a tharraingt siar.

