Comhoibriú le hInstitiúidí eile
Comhoibriú le hInstitiúidí eile
Comhoibríonn CGO Chontae Átha Cliath le thart ar 14 eagraíocht nó institiúid eile trí sholáthar a dhéanamh ar uaireanta an chloig múinteoireachta nó trí chúnamh airgeadais, Déanann na hionaid seo freastal ar raon fairsing de chláir ar a n-áirítear Ceardlanna Traenála Pobail, Ospidéal N. Íde, an tOspidéal Lárnach Mearbhaill, Tionscadail Phromhaidh do chiontóirí óga chomh maith le Seirbhísí Speisialta Lucht Siúil agus Oideachais . Fostaítear coibhéis 40 múinteoir faoi láthair faoi na socruithe seo.
Fuair na hionaid seo a leanas uaireanta an chloig comh-oibriúcháin ó CGOid Chontae Átha Cliath in 2011/2012:
-
Ceardlann Oiliúna Pobail Darndáil, Darndál
-
Ceardlann Oiliúna Pobail Bhaile Rónáin / Bhaile Gadaí, Leamhcán
-
Ospidéal N. Íde, Domhnach Bat
-
An Príomhospidéal Mearbhaill, Dún Droma
-
an Scoil Traenála Teicniúla, Coláiste an Aerchóir, Baile Dhónaill
-
Seirbhísí um Ógra Lucht Siúil Tamhlachta, Tamhlacht
-
Grúpa Acmhainne Oideachais Fhine Gall, Baile Brigín
-
Tionscadal/Deonach Promhaidh Thamhlachta, Tamhlacht
-
Clár an Túir, Cluain Dolcáin
-
Ceardlann Traenála Pobail Fhine Gall - Prosper Fine Gall, Na Sceirí
-
Tionscadal Bond, Baile Bhlainséir
-
Aonad um Chúram Speisialta Bhaile Uí Dhubhda, Baile Phámar
-
Youth Horizons, Tamhlacht
-
Paróiste an Lucht Siúil, Baile Phib

