Oideachas Pobail
Oideachas Pobail
Tá CGOid Chontae Átha Cliath tiomanta d'oideachas pobail mar bhealach le teacht ar líon mór rannpháirtithe, go háirithe iad sin atá faoi mhíbhuntáiste. Aithníonn an C G Oid ráthúileacht oideachais phobail maidir le forbairt ar chur chuige nua do chláir i suíomhanna neamhfhoirmeálta, pobalbhunaithe.
Cuireann CGOid Chontae Átha Cliath le hoideachas pobail mar sholáthróir agus mar chumasóir araon. Sa chéad áit, SOLÁTHRAÍONN AN c g Oid cláir mar fhreagairt ar iarratais ón bpobal. Déantar iad a sheachadadh laistigh den phobal in atmaisféar tacúil gan bhrú ó mheasúnúchán foirmeálta nó ó creidiúnú. Tá na cláir i roan ó na healaíona go ceirdne ó thuismitheoireacht go forbairt phearsanta.
Déan teagmháil le so Sheirbhís Réigiúnach um Oideachas Aosach dona thuilleadh sonraí
Seirbhís Oideachais Aosaigh Bhaile Bhlainséir (Contae Átha Cliath Thiar Thuaidh)
Seirbhís Oideachais Aosaigh Fhine Gall (Contae Átha Cliath Thuaidh)
Seirbhís Oideachais Aosaigh Thamhlachta (Contae Átha Cliath Thiar Theas)
Seirbhís Oideachais Aosaigh Dhún Droma (Contae Átha Cliath Theas)
Seirbhís Oideachais Aosaigh Leamhcáin (Contae Átha Cliath Thiar)
Oibríonn C G Oid Ch Átha Cliath i gcomhpháirt le grúpaí pobail chomh maith len iad a chumasú le cláir a sheachadadh dóibh féin. Bíonn cruth éagsúil ar an tacaíocht seo ag áireamh traenáil i scileanna coiste agus eagraíochta chomh maith le soláthar acmhainní, airgeadais agus daonna. Is mór ag CGOid Chontae Átha Cliath na róil chriticiúla atá ag na grúpaí seo i gcothú forbartha pobail agus chuimsiú sóisialta. Is minic cúrsaí pobalbhunaithe ina gcéad chéim i dtreo roghanna eile don bhfoghlaimeoir aosach.
Éascaitheoir um Oideachas Pobail.
Tá Éascaitheoirí um Oideachas Pobail rannpháirteach i gcur chun cinn, forbairt agus cothabháil ar ghrúpaí foghlama pobalbhunaithe. Soláthraíonn siad tacaíocht riaracháin agus oideachais do ghrúpaí nua agus do ghrúpaí reatha araon. Déan teagmháil le do thoil le d'Oideachas Pobail dona thuilleadh faisnéise

