Cairt Chomhpháirtíochta

Cairt Chomhpháirtíochta

CGOid CHONTAE ÁTHA CLIATH

CAIRT CHOMHPHÁIRTÍOCHTA
 1.      BROLLACH
1.1       Aithníonn CGOid Chontae Átha Cliath gur gá rannpháirtíocht agus tacaíocht ghníomhach na foirne do mhór athrú san Eagraíocht. Meastar a bheith ábhartha aon athrú a thugtar isteach san Eagraíocht agus a aontaítear trí chomhdhearcadh le plé ag an ngrúpa oibre áitiúil. Is féidir seo a bhaint amach trí chomhpháirtíocht laistigh den CGOid agus aithnímíd é seo mar roghabhealach le hathrú a chur chun cinn agus a bhaint amach in ár nEagraíocht,
1.2       Caidreamh gníomhach is ea an Chomhpháirtíocht CGOid seo idir an bhainistíocht agus na fostaithe bunaithe ar aitheantas ar chomhleas le hiomaíochas, inmharthanacht agus rathúnas CGOid Cho Átha Cliath a bhaint amach.
1.3       Admhaíonn an Eagraíocht a cuid oibligeáidí eolasú a dhéanamh ar a fostaithe agus dul i gcomhairle leo faoi nithe atá tábhachtach dóibh agus gabhann le n-ais é seo a dhéanamh trí na struchtúir seanbhunaithe comhpháirtíochta.
1.4       Cuimsíonn comhpháirtíocht tiomantas leanúnach ag na fostaithe maidir le feabhsú ar chaighdeán agus ar éifeachtacht; agus glacadh ag an Eagraíocht leis gur páirtithe leasmhara iad ár bhfostaithe le cearta agus leasa le cur san áireamh i gcomhthéacs na mór chinntí a bhaineann lena gcuid fostaíochta.
1.5       Cuimsíonn comhpháirtíocht comhúinéireacht ar réiteach dhúshlán, féachaint le rannpháirtíocht dhíreach na bhfostaithe/ ionadaithe agus infheistíocht ina n-oiliúint, a bhforbairt agus a dtimpeallacht oibre.
1.6       Tiomnaíonn an Eagraíocht do chomhpháirtíochta a chur chun cinn trínár nGrúpa Oibre Áitiúil a bheidh comhdhéanta de líon cothrom d'ionadaithe bainistíochta agus fostaithe.
2.      COMHDHÉANAMH
2.1       Mar atá leagtha amach i Ráiteas Straitéise an Choiste 2004-2008, déanann Coiste Stiúrtha - Foireann Fhorfheidhmiúcháin an Phlean Oideachais (FFPO) le hionadaíocht ó ar fud na heagraíochta, maoirseacht ar fhorfheidhmiúchán an Phlean Straitéisigh. Déanann Foirne Forfheidhmiúcháin Chlár Oibre (FFCO) ó shnáithe straitéiseacha éagsúla an Choiste tuairisciú don FFPO. Rinneadh atheagrú ar Ghrúpa Oibre Áitiúil an Choiste agus athainmníodh é mar 'Foireann Forfheidhmiúcháin Chlár Oibre Seirbhísí na hEagraíochta' (FFCOSE).
 
2.2       Tá comhlíon ball ainmnithe bainistíochta agus ionadaithe foirne ar an FFCO um Sheirbhísí na hEagraíochta. 
2.3       Is iad seo ainmnithe na bainistíochta:
            An Ceannasaí um Sheirbhísí Riarachain agus Eagrúcháin
            An Ceannasaí um AD/Airgeadas/Oideachas agus Seirbhís Corparáideacha/TF
            Ball den Choiste - an Cathaoirleach
2.4       Tá na hionadaithe foirne ainmnithe ag
            IMPACT, SIPTU agus comhlachtaí eile ionadaíochta.
Tig leis an nGrúpa cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí ó/go haon ghrúpa inmheánach freastal ar chruinnithe mar is gá.
 3.        CUSPÓIRÍ
3.1       Grúpa is ea an Fhoireann Fhorfheidhmiúcháin an Phlean Oideachais (FFPO) atá freagrach go príomha as cur chun cinn agus forbairt na comhpháirtíochta laistigh den Eagraíocht.
3.2       Tá air deimhin a dhéanamh de go sásaíonn an Eagraíocht riachtanais na gComhaontaithe Náisiúnta mar atá leagtha amach ag Fóram Comhpháirtíochta Náisiúnta an CGOid.
3.3       Tá sé freagrach as deimhin a dhéanamh de go gcuirtear na fostaithe uile ar an eolas agus go dtéitear i gcomhairle leo maidir le hathruithe atá ag tarlú laistigh den Eagraíocht.
 4.      BUNLUACHANNA
Is é feidhmiúchán rathúil ar na bunluachanna de Chomhoibriú, Cinnireacht, Obair bhuíne, Rannpháirtíocht agus Lárnú Custaiméara an bealach is éifeachtaí le Comhpháirtíocht a bhaint amach laistigh de CGOideanna. Oibreoidh an CGOid len iad seo a fheidhmiú ar oiread bealach agus is féidir ar fud na heagraíochta agus ar iad a úsáid mar phrionsabail threoracha i ndéanamh cinntí i gcónaí. 
5.      COMHAONTÚ
5.1       Tionólfar cruinnithe de FFCO na Seirbhísí Eagraíochta ag teacht le rialacha an GOÁ mar atá leagtha amach in Aguisín 1.
5.2       Cad leis a ndéanfar déileáil?
a.         Déileálfaidh sé le ceisteanna ag eascairt as na comhaontuithe náisiúnta.
b.         Ceisteanna ó éilimh reachtúla mar an Plean Oideachais agus an Plean Seirbhíse.
c.         Ceisteanna a thógann aon bhall den Choiste.
5.3       Conas a chaithfear le ceisteanna CT?
a.         Ní dhéileálfaidh FFCOSE (an GOÁ) le haon cheisteanna atá bainteach le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta atá comhaontaithe ar leibhéal náisiúnta.
b.         Tig leis an GOÁ cinneadh a dhéanamh ar aon cheist CT gur féidir a tharchur chuig an bpróiseas CT.
5.4       Conas a dhéantar cinntí?
            Déanfar cinntí trí chomhaontú ag cruinnithe GOÁ.
5.5       Conas a láimhseálfar conspóidí laistigh den GOÁ?
I gcás conspóidí áitiúla déanfar an áirithe sin díospóireachtaí leis an gceist a réiteach.
Má theipeann réiteach glaofaidh an GOÁ ar ann NPF le háisiú a dhéanamh ar an díospóireacht i bpróiseas comhaontaithe leis an GOÁ. 
6.      EAGRÚCHÁN
6.1       Conas atá an GOÁ eagraithe?
            Tá ballraíocht GOÁ leagtha amach in Alt 2 thuas.
Tig leis cuireadh a thabhairt do bhaill bhreise freastal ar chruinnithe ar feadh tréimhse socraithe ama.
            Tig leis ionadaíocht a iarraidh laistigh de ghrúpaí eile laistigh den CGOid.
6.2       Cén ghaol atá ag an GOÁ le comhlachtaí eile laistigh den CGOid?
Tig leis an GOÁ trí chomhaontú cuireadh a thabhairt d'ionadaithe ó ghrúpaí thionscadail eile teacht isteach sa GOÁ
Tig leis an GOÁ trí chomhaontú ionadaithe a chur ar cuireadh chuig grúpaí thionscadail eile.
6.3       Cén ghaol atá aige le grúpaí eile comhpháirtíochta CGOid?
Tig le GOÁ fo-ghrúpaí a bhunú le déileáil le tionscadail, ní cás gur baill den GOÁ na baill ar fad.
Tig leis an GOÁ naisc a bhunú le grúpaí atá ann cheana féin agus glacadh leo mar ghrúpaí comhpháirtíochta
6.4       Cén ghaol atá aige le comhlachtaí eile?
Ainmneoidh an GOÁ ionadaí le freastal ar an Líonra Oibre Réigiúnach le tacaíocht ón NPF
            Tig leis an GOÁ ionadaí a ainmniú le freastal ar ghrúpaí eile comhpháirtíochta áitiúla  
7.      CUMARSÁID
7.1       Cad a bheidh ina chumarsáid sheasta agus conas a thiocfaidh tú ar eolas faoi chomhpháirtíocht sa CGOid?
a.   Tá sonraí ar bhallraíocht an GOÁ agus conas a oibríonn sé curtha r shuíomh gréasáin CGOid Cho Átha Cliath.
           b.   Feasachán Bliantúil ar a bhfuil bainte amach agus idir lámha.
            c.   Ceapadh faisnéise ar shuíomh gréasáin FCN an CGOid.
 7.2       Cé na cumarsáidí rialta a eiseofar mar ghnás don GOÁ (√)
                       
Míosúil             Démhíosúil                  Ráithiúil (√)       Leathbhliana 
 
7.3       Conas a chuirfear ceisteanna práinneacha nó fíorthábhachtacha in iúl don bhfoireann ábhartha? (√)
 
            Teagaisc Phearsanta    Feasachán   Clár Fógraí (√)    Inmheánach               Ciorclán
            Nuachtlitir Fóirne (√)        R-phost       Inlíon (√)
 
8.      OILIÚINT AGUS FORBAIRT
8.1       Cé na prionsabail a bhaineann le hoiliúint agus forbairt chomhpháirtíochta.
Conas a bhainfidh an eagraíocht feidhm as an oiliúint uile comhpháirtíochta a chuirfear ar fáil?
         Beidh freastal ar sheimineáir oiliúna 
Ø      Ar fáil do gach aon bhall den fhoireann
Ø      Ar fáil sa chéad áit dóibh sin atá rannpháirteach i gcomhpháirtíocht san Eagraíocht
 
8.2       Conas a roghnófar daoine laistigh den Eagraíocht d'oiliúint chomhpháirtíochta?
Ø       Ar ainmniúchán ha gcomhchathaoirleach.
Ø       Ar ainmniúchán an POF CEO.
Ø       Ar ainmniúchán na hArd-Bhainistíochta.
Ø       I gcomhairle leis na comhchathaoirligh agus leis an ardbhainistíocht,
 
thar ceann an GOÁ- FFCO na Seirbhíse Eagrúcháin