Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas

Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas
Is aidhm do TFO an deis do dhaoine óga agus do dhaoine fásta filleadh ar an bhfoghlaim chomh maith le bheith ábalta tiomantais teaghlaigh, oibre agus eile a chomhlíonadh.

Tairgíonn CGOid Chontae Átha Cliath raon fairsing de dheiseanna nuálacha foghlama páirt-aimseartha, solúbtha faoin TFO. Tig le rannpháirtithe staidéar a dhéanamh ar ábhair ar leibhéal Sóisearaigh nó Ard Teistiméireachta nó rogha a dhéanamh as raon de chúrsaí creidiúnaithe FETAC.

·         Cumarsáid
·         Mata
·         Teicneolaíocht Faisnéise
·         Scileanna gnó agus Oifige
·         Cúram leanaí
·         Cúram sláinte
·         Cúram Sóisialta
·         Gairneoireacht
·         Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile (BCTE)

Cén chostas atá air?

Tá cúrsaí faoi TFO in aisce do dhaoine atá ag fáil íocaíochta incháilithe Leasa Sóisialta agus do gach aon duine le níos lú ná uasleibhéal meánoideachais i.e. Ard-Teistiméireacht nó a comhshamhail. Tá táillí iníoctha faoi chúinsí áirithe eile.
Déan teagmháil le d'ionad áitiúil TFO dona thuilleadh faisnéise.
Tá T:D:O ar tairiscint sna hionaid seo a leanas ag C. G.Oid Co. Átha Cliath: