Fúinne
Forléargas ar CGO Chontae Átha Cliath
An Coiste
Is coiste reachtúil é CGO Chontae Átha Cliath a fheidhmíonn faoi rialachas Cathaoirleach agus naoi gnáth bhall déag. Tá ionadaithe pobail/ tráchtáil/tionscail, foireann, ionadaithe tuismitheoirí agus ionadaithe oideachais san áireamh ar an gcoiste. Tacaíonn roinnt fochoistí le hobair CGO Chontae Átha Cliath.
Soláthar Oideachais & Seirbhísí
-
Mic léinn agus/ nó a dtuismitheoirí /caomhnóirí
-
Foghlaimeoirí Aosacha
-
Pobail ar fud an Chontae
-
Daoine óga agus saorálaithe
-
Iarratasóirí agus faighteoirí deontais faoi na scéimeanna éagsúla tacaíochta mic léinn a riarann an CGO go díreach.
-
Eagraíochtaí Deonacha agus Eagraíochtaí Spórtúla
Ráiteas Misin
I gcomhthéacs an sainordú a tugadh do CGO Chontae Átha Cliath glacadh leis an ráiteas misin seo leanas:
Tá CGO Chontae Átha Cliath ar cheann de na Coistí Gairmoideachais is mó sa tír. Tá an Coiste arna comhdhéanamh faoin Acht Gairmoideachais a ritheadh i nDáil agus Seanad Éireann i 1930. Nuair a bhí na Coistí Gairmoideachais á mbunú áiríodh Contae Átha Cliath ina réigiún tuaithe. Ó na seachtóidí ar aghaidh, áfach, mar thoradh ar ghéar athrú déimeagrafach tharla uirbiú méadaitheach i bhfoirm bailte nua agus bruachbhailte in áiteanna a áiríodh ina gceantair tuaithe talmhaíochta roimhe seo. Mar fhreagairt ar an bhforbairt seo d'fhorbair CGO Chontae Átha Cliath go tapaigh chun freastal ar éilimh agus dúshláin na ndaonraí nua. Ina theannta san ó 1980 ar aghaidh chruthaigh Oideachas d'Aosaigh agus Oideachas Fad Saoil cláir agus deiseanna nua. Síneann ceantar riaracháin an CGO ó Bhaile Brigín i dTuaisceart Chontae Átha go Dún Droma i nDeisceart Co Átha Cliath agus Leamchán in Iarthar Co Átha Cliath. Tá sé uathúil sa mhéid is go gclúdaíonn sé trí Údarás Áitiúil , Fine Gall, Áth Cliath Theas agus Dún Laoghaire / Rath an Dúin / Co. Rath an Dúin gan sean bhuirg Dhún Laoghaire san áireamh. Dírítear na seirbhísí go léir ar an daonra ag an leibhéal áitiúil. Tá Ár n-Oifigí Riaracháin suite ag 1 Geata an Tuain , Cearnóg Belgard Thoir, Tamhlacht , Áth Cliath 24.

