Bunluachanna Comhpháirtíochta

Bunluachanna Comhpháirtíochta
Is iad na Bunluachanna ar Chomhpháirtíocht i CGOid Chontae Átha Cliath ná:
1. Obair Bhuíne
2. Comhoibriú
3. Cinnireacht
4. Rannpháirtíocht
5. Lárnú an Chustaiméara
 Déantar cumasú ar na bunluachanna uile trí Chumarsáid éifeachtach
 
Míniú na mBunluachanna
Bunluachanna Comhpháirtíochta
Polasaithe agus Nósanna Imeachta an CGOid
Iompair Indibhidiúla
Obair Bhuíne
 
An foireann a spreagadh lena iad a bheith soiléir faoina ról féin agus ar a gcomhfhreagracht rathúnas a bhaint amach trí fhoireann an CGOid. Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine eile mar thacaíocht do spriocanna an CGOid
 
Aithníonn oibriú i mbuíonta a bheith ar an mbealach is éifeachtaí le rathúnas a bhaint amach
Soláthróidh treoir agus tacaíocht do na buíonta uile laistigh den CGOid
 
Tuigeann a ról pearsanta i bhfeidhmíocht dhualgais laistigh den CGOid
Cuireann ar bhealach dearfach le feidhmíocht na buíne.
Tugann tacaíocht agus misneach do dhaoine eile i bhfeidhmíocht chuspóirí na buíne .
 
Comhoibriú
 
Oibríonn go maith le daoine eile le comhaidhm a bhaint amach agus oibríonn le comhleas a bhunú ag soláthar tacaíochta nuair is féidir sin.
A cheisteanna a spreagadh agus a chur chun cinn
 
Oibríonn le dea-chaidreamh a thógáil le daoine eile.
Faigheann comhbhonn le daoine eile agus oibríonn le seirbhísí CGOid a chur chun cinn.
 
 
Cinnireacht
 
Cuireann chun cinn iompar atá ar leas an CGOid, a fhoirne agus a chustaiméirí, i gcónaí. Spreagann agus gríosaíonn daoine eile le húinéireacht a ghlacadh ar chuspóirí an CGOid agus cuireann comhdhearcadh ar an todhchaí chun cinn.
 
Spreagann agus cuireann chun cinn na cinnireachta éifeachta don fhoireann ar fad.
Aithníonn iontráil oscailte.
 
Léiríonn agus spreagann tiomantas le comhsprioc an CGOid a bhaint amach
Tógann creidiúnacht trína bheith iontaofa
Spreagann daoine eile atá ag obair ar mhaithe le nua-aoisiú a dhéanamh ar an CGOid.
Spreagann daoine eile le bheith nuálach agus le hathrú a fheidhmiú.
Glacann freagracht phearsanta as a ról féin laistigh de sheachadadh inseirbhíse.
Rannpháirtíocht
 
 Fáiltíonn roimh gach aon bhall foirne a gcion tairbhe féin a thabhairt do sheachadadh seirbhise an CGOid. Tugtar spreagadh do gach duine ar gach aon leibhéal san eagraíocht lena bheith rannpháirteach.
 
·Déanann áisiú ar rannpháirtíocht na foirne i ngach aon mhórthionscnamh sa CGOid.
Soláthraíonn meicníochtaí comhairliúcháin don fhoireann laistigh den CGOid.
Spreagann rannpháirtíocht na foirne i dtionscnaimh.
 
Cuidíonn le cruinnithe agus imeachtaí foirne.
Déanann ionchur díreach agus indíreach ar imeachtaí a cheaptar do rannpháirtíocht na bhfostaithe.
Déanann áisiú agus spreagadh ar dhaoine eile a bheith rannpháirteach agus le cion tairbhe a thabhairt.
Cinntíonn go ndéantar ionadaíocht ar thuairimí pearsanta i ngach aon tionscnamh tábhachtach.
Lárnú an Chustaiméara
 
Aithníonn gur do chustaiméirí is ann don CGOid agus tugann aghaidh ar gach aon tionscnamh lena leas sin ar intinn acu.
 
Déanann machnamh ar na himpleachtaí do chustaiméirí ag gach aon tionscnamh.
Forbraíonn agus cothaíonn córais monatóireachta agus aiseolais leanúnacha lena a bheith bord ar bhord le riachtanais na gcustaiméirí.
 
Cuireann riachtanais an chustaiméara i gcroí gach aon tionscnamh.
Déanann machnamh ar riachtanais na gcustaiméirí agus oibríonn lena chinntiú go ndéantar freastal orthu.
Déanann a dhícheall féachaint le freastal ar riachtanais an uile dhuine.
Oibríonn i dtreo feabhas a chur ar sheirbhís do chustaiméirí agus lorgaíonn slite le sársheirbhís a sholáthar.
Cumarsáid
 
Míníonn ceisteanna an lae agus go dtuigeann an fhoireann uile na torthaí lena mbíonn súil. Roinneann faisnéis leis na páirtithe uile leasmhara go luath.
Déanann deimhin de go dtuigeann na daoine uile atá ag obair don CGOid fís agus aidhm an CGOid.
Forbraíonn polasaithe agus struchtúir a chinntíonn leorstruchtúir chumarsáide a bheith ann.
Déanann cur chun cinn agus spreagadh ar chumarsáid oscailte ar fud an CGOid.
Míníonn ceisteanna agus na torthaí lena mbíonn súil.
Cuireann faisnéis ábhartha in iúl don fhoireann uile ar bhealach soiléir beacht.
Tuigeann riachtanais chumarsáide lucht éisteachta difriúla agus leasaíonn teanga agus modh láithrithe le freastal ar na riachtanais sin.
Déanann seiceáil lena chinntiú go dtuigtear go soiléir an fhaisnéis a thugtar.
Spreagann aiseolas go rialta