Forbhreathnú ar Chlár CTA Thamhlachta
Forbhreathnú ar Chlár CTA Thamhlachta
Tá Seirbhís Oideachais Aosaigh Thamhlachta ina soláthróir rianúil traenála ESOL do Theifigh agus d'Iarrthóirí Tearmann ó na 1990anna. Ciallaíonnár dtaithí sa réimse seo gur chuir an tairiscint a fuaireamar de ghrúpa CTA i Meán Fómh. 10 tar éis cur go mór lenár n-acmhainn le cláir éifeachtacha ábhartha a sheachadadh don ghrúpa goilliúnach seo. Cuimsíonn ár ngrúpa reatha Rothaingeánais (Burmach), Congólachais, Somáilis, Coirdis, Iraqui agus Seisnis.
Is aidhm dár ranganna braistint chomhluadair a chruthú laistigh den seomra ranga ag bunú muiníne, measa agus caradais, a chabhróidh le cur chun cinn scileanna foghlama agus sóisialaithe. Tá éagsúlacht d'aon toisc sa mhodheolaíocht le ceann a thógáil de na leibhéil éagsúla agus de stíleanna foghlama cultúir na rannpháirtithe. Déantar cumasc de Lingua Franca, Scríobh agus Léamh Comhoibritheach, agus modhanna Fionnachtana le Cur Chuige Litearthachta agus Cumarsáide le cabhrú leis na rannpháirtithe déileáil leis an saol laethúil in Éirinn.
Spreagtar rannpháirtithe le taithí foghlama roimhe seo, foirmeálta agus neamhfhoirmeálta, a roinnt, chomh maith le faisnéis faoina gcultúir agus a dteangacha le foghlaim idirchultúrtha a chur chun cinn idir rannpháirtithe agus teagascóirí. Soláthraíonn an cur chuige deis chomh maith le foghlaim ar feadh saoil na mac léinn a admháil agus le fáiltiú roimh chion tairbhe ar gach aon leibhéal. Tugtar isteach Leibhéil Teanga 3 agus 4 FETAC agus nasctar iad le Béarla Feidhmeach (eolas na slí a lorg, glaoch teileafóin ar thiarna talún, etc. aus Scileanna Sóisialachta (cúnamh a iarraidh, athrá, cur isteach, etc). Lasmuigh de cháilíocht a ghnóthú, tairgíonn FETAC sprioc nithiúil do na mic léinn agus cabhraíonn lena n-inspreagadh a choimeád. I míonna an tsamhraidh, bíonn foghlaim/traenáil de chineál IELTS ar tairiscint do mhic léinn atá ag dréim le dul ar chúrsaí IAT.
Bíonn turais ar an leabharlann, músaeim, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Leabharlann Chester Beatty, turas samhraidh ar Bhinn Éadair agus ar bhunáiteanna áitiúla oideachais ina gcuid den chúrsa leis na mic léinn a chur i dteagmháil le foghlaim níos forleithne faoi shaol agus chultúr na hÉireann agus le cabhrú leo íomhá réadúil a bheith acu ar an saol lasmuigh dá gcuid seomraí ranga agus a mbailte.
Tugtar cabhair do na mic léinn ó na teagascóirí agus ón tseirbhís chomhairleach i bpleanáil a gcuid spriocanna foghlama don todhchaí, nó le dul i mbun a thuilleadh staidéir (cúrsaí IAT). Déantar spriocanna a idirbheartú le gach foghlaimeoir ar leith agus déantar athbhreithniú orthu de shíor de réir mar éiríonn foghlaimeoirí níos muiníní astu féin agus go ndéanann siad athbhreithniú ar spriocanna foghlama roimhe sin.

