Forbhreathnú ar Chlár CTA Bhaile Átha Cliath Theas

Forbhreathnú ar Chlár CTA Bhaile Átha Cliath Theas
Clár do Dhídeanaithe Aosacha
Seirbhísí Oideachais Fhine Gall agus Bhaile Átha Cliath Theas
I láthair na huaire tá mic léinn ann ó An Rúis, An Mholdáiv, An Cósta Eabhair, An Chongó, an Nigéir, An Iaráic, an tSomáil, Angóla, An Eiritré, An Ailgéir agus An Libia ag gabháil do chláir CTA CGOid i bhFine Gall agus Bhaile Átha Cliath Theas.
Reáchtáltar ranganna ar maidin agus um thráthnóna agus déanaimid iarracht cóiríocht a dhéanamh ar gach aon leibhéal Ba cheart a thabhairt faoi deara gur gá do mhic léinn Stampa 4 bailí a bheith acu lena bheith cáilithe do CTA.
Díríonn ár gclár staidéar ar mhodúil teanga FETAC ar leibhéil a trí, a ceathair aus a cúig, le béim ar scileanna staidéir agus oibre, litearthacht ríomhaireachta agus dul chun cinn trín gcóras oideachais. Admhaímid go bhfuil cáilíochtaí ag mórán dár gcuid mach léinn óna dtíortha dúchais. Tá ár gcuid mac léinn ard-spreagtha agus bíonn siad ag gabháil de ghníomhaíochtaí i raon ó ghairmthreoir agus obair thionscadail go cluichí mar scrabble agus díospóireacht. Spreagaimid gníomhaíochtaí spóirt mar bhealach le dinimic ghrúpa a chur chun cinn. Tá béim láidir ar chúrsaí reatha, mar cuireann seo ar chumas na mach léinn comparáid traschultúrtha a dhéanamh.
Lena chois sin, déanann mic léinn anailís ar chúig earra praiticiúil Bashy Quraishy (Aontas Tuarascáil 'Creating Intercultural Communities Conference' 2008, lch 21) le cumasú a dhéanamh ar mheas agus glacthacht sa sochaí: foghlaim an teanga / glac leis an dlí agus bíodh meas agat air, cruthaigh dea-chaidreamh le comharsana /glac le cultúr an mhóraimh agus bain taitneamh as oiread agus is féidir leat /cleachtaigh do chultúr agus do reiligiún go síochánta.