Earcaíocht
Earcaíocht
Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath
Tá thart ar 2700 ar phárolla foirne CGOid Chontae Átha Cliath, cuimsíonn seo foireann múinteoireachta, foireann riaracháin, bainistíocht, sainfhoireann oideachais agus foireann tacaíochta ar fud ár scoileanna agus ionad...
Tá ár rannán earcaíochta, cuid dár bhfeidhm níos mó um Acmhainní Daonna, freagrach as foireann a earcú ar fud réimsí uile na seirbhíse, cur agallamha, ceapacháin, polasaithe earcaíochta agus nósanna imeachta earcaíochta.
Fostóir comhdheise is ea Coiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath ("an Coiste"). Tá an Coiste tiomanta do dheimhin a dhéanamh de nach ann do leithcheal ar fhoras gnéis, stádas pósta nó teaghlaigh, gnéaschlaonadh, creideamh reiligiúnda, aois, míchumas, cine ná ballraíocht de chomhluadar lucht siúil ag céim ar bith den phróiseas earcaíochta ná i dtéarmaí agus coinníollach fostaíochta.
Glacfaidh an Coiste beartais dearfacha gníomhaíochta le comhdheis agus éagsúlacht a chur chun cinn. Agus riachtanais cáilíochtaí nó taithí á sonrú do phost ar bith, ní úsáidfear ach tréithíochta riachtanacha d'fheidhmíocht na hoibre.
Déanfar measúnú ar gach aon iarratasóir ar phost ar bhealach cothrom macánta i gcomparáid le cumais a éilítear don phost agus don scéim mharcála a bheidh á húsáid.
Gliogáil anseo do Dheiseanna Oibre faoi láthair.

