Treoirlínte Soláthair

Treoirlínte Soláthair

Soláthar - Sainmhíniú
Fáil ag an CGO, cibé acu faoi chonradh foirmeálta nó nach ea, ar oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí. Cuimsíonn sé raon ó cheannach gnáthsholáthairtí nó seirbhísí go mórchonarthaí.
Cuspóirí Nósanna Imeachta Soláthair
Lena chinntiú:-
·          Go mbíonn fáil ar riachtanais údaraithe nuair a bhíonn gá leo.
·          Go bhfaightear an luach is fearr ar airgead.
·          Go mbaintear an buntáiste is fearr as cumhacht ceannaithe an Choiste.
·          Go mbíonn Trédhearcacht agus Freagracht ann.
·          Go mbíonn comhionannas rochtana ar sholáthróirí cáilithe trí bhonn iontaofa a sholáthar do roghnú na soláthróirí.
·          Go ngéilltear do reachtaíocht, rialacháin agus treoracha an rialtais agus an AE.
·          Go gcloítear leis na caighdeáin eiticiúla is airde.
·          Go mbíonn comhoibriú idir scoileanna/ionaid chun uasmhéadú a dhéanamh ar a gcumhacht ceannaigh.
·          Nach mbíonn leithcheal ann.
 
1. Teorainneacha Ceannaigh
Príomhphrionsabail
·          Tá gá le faomhadh an Phríomhoide/An Bhainisteora Ionaid do gach ceannachán.
·          Caithfidh gach doiciméad a chuirtear faoi bhráid na hArdoifige síniú bunaidh an Phríomhoide/An Bhainisteora Ionaid a bheith air, mar is cuí.
·          Is féidir le hionadaí ón CGO cuairt a thabhairt ar Scoileanna/Ionaid lena chinntiú go gcloítear leis na Treoirlínte.
 
Teorainneacha Údaraithe ( C.B.L. san áireamh)*
* Tá soláthar sa dlí a bhaineann le CBL do chomhionannas cóireála i soláthar earraí agus seirbhísí, mar sin níor chóir go mbeadh aon bhuntáiste ná míbhuntáise iomaíochta i gceist le ceartfheidhmiú na rialacha CBL.
1.1 €0 - € 2,000             
Tá gá le tairiscint amháin (1) nó níos mó. Ba cheart go mbeidís seo
faofa ag an bPríomhoide/An Bainisteoir Ionaid agus go gcoimeádfaí sa scoil/ionad iad. Má bhíonn gá na sonraí a fháil ar an teileafón, ba chóir go ndéanfaí nóta d'ainm iomlán an duine a thug an praghas chomh maith leis an dáta ar ar déanadh an tairiscint.
 
1.2 €2,000 - €10,000
Ba chóir go lorgófaí trí (3) Luachan ar a laghad agus go
ndéanfadh an Príomhoide/An Bainisteoir Ionaid foirm luachála a chomhlánú, a fhaomhadh agus a choimeád. Caithfear cóip den fhoirm luachála a chur faoi bhráid Roinn na gCreidiúnaithe in éineacht leis an sonrasc.
 
1.3    €10,000 - €24,999
Réamhfhaomhadh ag teastáil ón Ardoifig.
Ba chóir go lorgófaí cúig (5) Luachan ar a laghad agus go n-eiseofaí sonraíocht i scríbhinn do na soláthróirí poitéinsiúla. Ba chóir go gcomhlánófaí foirm luachála agus go ndéanfadh an Príomhoide/An Bainisteoir Ionaid faomhadh uirthi. Ba chóir go gcuirfí Foirm Luachála agus Luachana faoi bhráid na rannóige Soláthair chun faomhadh a fháil.
BA CHÓIR GO LORGÓFAÍ FAOMHADH I SCRÍBHINN AR AN P.O.F NÓ AR AN OIFIGEACH TARMLIGTHE MAIDIR LE HORDAITHE/CONARTHAÍ NÍOS AIRDE NÁ €25,000. CAITHFIDH AN RANNÓG SOLÁTHAIR, AN ROINN SEIRBHÍSE CORPARÁIDE, DEILEÁIL LE GACH ORDÚ/CONRADH DEN CHINEÁL SIN. CUIRFEAR AN COISTE AIRGEADAIS AR AN EOLAS FAOI GACH CONRADH NÍOS AIRDE NÁ €25,000.
1.4 €25,000 - € 192,999 Supplies/Services/Works
Caithfear gach ordú/conradh níos airde ná €25,000 a fhógairt ar shuíomh gréasáin e-tenders.gov.ie. Má cheaptar go bhfuil gá le fógraíocht nuachtáin nó meáin eile, foilseofar fógra giorraithe ag tagairt do na sonraí iomlána ar shuíomh gréasáin na ríomhthairiscintí. Is féidir próiseas de chuireadh díreach (gan aon fhógraíocht) chun tairisceana a úsáid i gcúinsí eisceachtúla ag teacht leis na treoirlínte atá leagtha síos ag an Roinn Airgeadais.
1.5 €193,000 Soláthairtí agus Seirbhísí
Ní mór conarthaí ar Sholáthairtí agus ar Sheirbhísí os cionn €193,000 a fhógairt ar shuíomh gréasáin e-tenders.gov.ie agus in iris OJEU. Má cheaptar go bhfuil gá le fógraíocht nuachtáin nó meáin eile, foilseofar fógra giorraithe ag tagairt do na sonraí iomlána ar shuíomh gréasáin na ríomhthairiscintí.
1.6     €4,845,000 Oibreacha
Nuair a bhíonn conradh ar oibreacha níos mó ná €50k ach níos lú ná €4,845,000 ní mór é a fhógairt ar shuíomh gréasáin e-tenders.gov.ie Nuair a bhíonn conradh d’Oibreacha níos mó ná € 4,845,000, caithfear é a fhógairt ar an suíomh gréasáin e-tenders.gov.ie agus san iriseán OJEU. Má cheaptar go bhfuil gá le fógraíocht nuachtáin nó meáin eile, foilseofar fógra giorraithe ag tagairt do na sonraí iomlána ar shuíomh gréasáin na ríomhthairiscintí.
1.7 Cúinsí Eisceachtúla
I gcúinsí eisceachtúla faoi mar atá údaraithe ag an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin nó ag oifigeach tarmligthe, is féidir go mbeadh maolú ó ghnáthnósanna imeachta (seachas treoracha soláthair an AE) i gceist, seo a leanas na sonraí:
·          Práinn: I gcásanna géardhithnise mar a gcaitear ceannach a dhéanamh láithreach d’fhonn baol suntasach ar dhaoine/réadmhaoin nó caillteanas suntasach don CGO a sheachaint.
·          Ábhair Dhílsithe: Is de chineál dílsithe nó páirteanna spártha iad na soláthairtí nó na seirbhísí atá á gceannach do ghléasra agus do threalamh atá ann agus nach bhfuil ar fáil ach ó aon fhoinse amháin. Caithfear tástáil a dhéanamh ar an margadh ó am go chéile agus ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana chun é seo a chinntiú. Ba chóir go seachnófaí socruithe neamhshonraithe le dáileoirí eisiatacha nuair is féidir é.
·          Seachadtaí Breise:   Faoi phróiseas iomaíoch tairisceana agus dá mbeadh athrú soláthróra i gceist bheadh neamh-chomhoiriúnacht nó deacreachtaí díréireacha teicniúla i gceist in oibriú nó i gcothabháil.
·          Conarthaí Faoi Rún: Do chonarthaí speisialta a bhfuil rúndacht ar leith agus tábhacht speisialta straitéiseach ag baint leo don gCGO agus a bhfuil gá le bonn rúnda a bheith leo.
·          Ceannach de Chineál Reachtúil: Is ann do nithe a bhfuil athchaiteachas ag baint leo a thagann chun cinn do sheirbhísí riachtanacha nuair nach féidir a bheith ann ach aon soláthróir amháin seirbhíse m.sh. údarás áitiúil – mótarcháin, uisce, síntiúis bhallraíochta do chomhlachais ghairmiúla.
 
2.0 Nós Imeachta Luachana
LE HÚSÁID AGUS LUACHANA Á BHFÁIL AR EARRAÍ/SEIRBHÍSÍ FAOI BHUN €25,000
2.1 
Mar bhunphrionsabal ba chóir go n-úsáidfí próiseas iomaíoch i gcónaí.
 
2.2
Is gá gearrshonrú ar na hearraí/seirbhísí a bhfuil gá leo agus an dáta ar a bhfuarthas luachan a sholáthar. B’fhéidir go mbeadh mionsonraíocht de dhíth do cheannacháin a mbeadh luach níos airde ag baint leo. Má thagann aon athruithe i gceist, ba chóir go gcuirfí iad sin in iúl do gach soláthróir ar tugadh cuireadh dóibh luachan a thabhairt sa chéad áit.
 
2.3
Ba chóir go n-eiseofaí cuireadh, sonraíocht agus eolas eile iomchuí i bhfoirm chaighdeánach do gach soláthróir ionchasach. Ba chóir go léireofaí an doiciméadú/na sonraíochtaí go soiléir agus nach mbeadh débhríocht i gceist. Ba chóir go gcuirfí na téarmaí in iúl do na soláthróirí agus go nglacfaidís leo.
 
2.4 
Ba chóir go n-eiseofaí Doiciméadú/Sonraíochtaí do ghnólachtaí/soláthróirí atá in ann earraí/seirbhísí a sholáthar agus a bhfuil dea-sheasamh gairmiúil ag baint leo.
 
2.5
Ba chóir go mbeadh deimhniú imréiteach cánach reatha ag soláthróirí agus / nó C2 do thionscadail tógála. Ba chóir go n-áireofaí a leithéid de riachtanais i ndoiciméadú cuiridh agus i bhfógraíocht.
 
2.6
Ba chóir go ndéanfaí sonrú ar an dáta ar a nglactar le luachana. Níor chóir go n-áireofaí luachana a fhaightear i ndiaidh an ama atá leagtha síos.
 
2.7
Coimeádfar clár de na luachana a fuarthas ina gcuirfear sonraí na luachana a fuarthas tar éis:
Dáta Stampála
Iad a bheith uimhrithe m.sh. má fhaightear cúig luachan, ba chóir go gcuirfí uimhir 1/5 ar an gcéad cheann, 2/5 ar an dara ceann, etc.
Ceannlitreacha a chur ann
 
2.8
Ba chóir go síneodh an té atá freagrach as na luachana a oscailt an clár agus go ndéanfaí iad a dhátú.
 
2.9
Ba chóir go ndéanfadh an Príomhoide/An Bainisteoir Ionaid/Duine tarmligthe measúnú ar luachana Ba chóir go ndéanfaí machnamh ar an ngá atá le leas a bhaint as riachtanas inniúlachta. Níor chóir cúnamh seachtrach a lorg ach le faomhadh an POF
2.10 - Luacháil
Ba chóir go ndéanfaí luacháil ar phraghasanna gan CBL a chur san áireamh. Is féidir go ndéanfaí an bronnadh ar bhonn:
 
(i) An meastachán is ísle praghas nó
(ii) An meastachán is mó buntáiste eacnamaíoch* (ag sonrú chritéar eile éagsúla in éineacht le praghas, ar a mbeadh costais reatha, costais seirbhísithe, leibhéal seirbhíse iardhíola, cúnaimh theicniúla, saintréithe comhshaoil, fráma ama etc.)
 
*Nuair a bhíonn conradh á bhronnadh ar an mbonn is mó buntáiste eacnamaíoch, caithfear a rá sa chuireadh chun tairisceana cad iad na critéir go léir atá á gcur i bhfeidhm sa phróiseas bronnta, ag tabhairt ualaithe iomchuí do gach critéar. Murar féidir na critéir ualaithe a thabhairt roimh ré, caithfear iad a liostáil in ord a dtábhacht.
Ní mór é a bheith follasach go bhfuil an próiseas luachála oibiachtúil agus trédhearcach agus bunaithe ar na critéir atá sonraithe amháin. Ba chóir go n-ullmhófaí bileog luachála/scórála (Aguisín 1) chun tacú leis an bpróiseas luachála. Ba chóir go ndéanfaí grinnscrúdú ar na sainchoinníollacha atá leagtha amach sna luachana lena chinntiú nach bhfuil siad neamhréireach nó míchuí.
 
 2.11
Coimeádfar an próiseas luachála agus na luachana do bhreithniú Fhoireann an CGO agus d’iniúchadh. Ba chóir go mbeadh foirm luachála in éineacht le sonrasc ar íocaíocht.
 
2.12
Cuirfear in iúl gan mhoill do sholáthróirí nár éirigh leo gur theip orthu. Nuair a iarrtar é, ba chóir go gcuirfí gach soláthróir nár éirigh leis ar an eolas maidir leis an bhfáth nár éirigh leo.
 
2.13
Tá cosc iomlán ar dhí-chomhbhailiú nó ar scoilteadh chonartha chun an próiseas luachana a sheachaint. Níor chóir go gcuimhneofaí air faoi chúinse ar bith.
 
2.14
 Ba chóir go n-iarrfaí ar sholáthróirí a n-éiríonn leo fianaise a thabhairt ar ghéilliúntas do riachtanais deimhnithe imréitigh cánach.
 
2.15
Beidh ar sholáthróirí a n-éiríonn leo polasaithe árachais a thabhairt, nuair is cuí, le slánaíocht á sholáthar don gCGO. Ba chóir go gcuirfí a leithéid de pholasaithe faoi bhráid árachóirí an Choiste le hathbhreithniú a dhéanamh orthu.
 
2.16
Ba chóir go mbeadh ar sholáthróirí cloí leis na forálacha cuí reachtúla sula mbronntar conradh. Ba cheart go gcinnteodh oifigigh údaraithe go dtógann soláthróirí ceann de na forálacha a bhaineann le pá íosta, socruithe tionsclaíocha nó earnála a mbeadh ceangal reachtúil ag baint leo agus ceisteanna iomchuí sláinte agus sábháilteachta.
 
2.17
Níor chóir go rachfaí i mbun conarthaí neamhiata. Ba chóir go mbeadh dáta tosaithe agus críochnaithe leis an gconradh.
 
2.18
Caithfidh meicníocht a bheith ann chun deireadh a chur le conarthaí i gcás neamhghéilliúntais / neamhfheidhmíochta.
 
2.19
Ba chóir go gcoimeádfaí taifid agus comhaid chearta maidir le gníomhaíochtaí soláthair. Ba chóir iad seo a leanas a bheith sa
 
·          chomhad:
·          Sonraíocht/cur síos ar obair
·          Critéir cháilíochta
·          Foirm Luachála (féach Aguisín 1)
·          Liosta faofa de sholáthróirí
·          Cóip den bhforéileamh luachan a dhéanamh
·          Cóipeanna d’fhiosrúcháin
·          Liosta na bhfreagraí ar fhiosrúcháin
·          Tairiscintí / Luachana a fuarthas