Saoráil Faisnéise
Saoráil Faisnéise
Níl earnáil na CGOid forordaithe faoi láthair faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus dá bhrí sin ní féidir iarratais a dhéanamh faoin reachtaíocht faoi láthair, meastar go ndéanfar forordú faoin reachtaíocht thuas ar an earnáil CGOid sa neastodhchaí.
Ar a shon sin, déanfaimid iarracht ar chabhrú le haon iarratais réasúnta agus ábhartha ar fhaisnéis, ba chóir iarratais a sheoladh chuig Bainisteoir na Rannóige ábhartha.
Tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise ceart do gach aon duine:
1. Rochtain ar thaifid oifigiúla i seilbh Ranna Rialtais agus comhlachtaí eile poiblí atá liostáilte san Acht
2. Go ndéanfaí faisnéis phearsanta atá ann fúthu a cheartú nó a nuashonrú nuair atá a leithéid d'fhaisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
3. Go dtabharfaí dóibh cúiseanna ar chinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí ag a mbíonn éifeacht orthu.
Soláthraíonn rialacháin na cearta thuas do thuismitheoirí, chaomhnóirí agus neas-ghaolta.
Cuirtear faisnéis ar fáil oiread agus is féidir, ag teacht le leas an phobail agus an ceart ar phríobháideachas.
Is féidir rochtain ar a thuilleadh faisnéise ar Shaoráil Faisnéise trí na suíomhanna seo a leanas chomh maith:
-
www.oic.gov.ie suíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Faisnéise.. Cuimsíonn an suíomh seo faisnéis ar an mbealach le hiarratas a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí, conas achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise, na comhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoin Acht agus liostálann an áirithe sin de na cinntí a rinne an Coimisinéir.
-
www.foi.gov.ie suíomh gréasáin Láraonad Polasaí na Roinne Airgeadais. Tugann an suíomh seo faisnéis, treoirlínte agus acmhainní áirithe eile atá ábhartha don Acht um Shaoráil Faisnéise ag áireamh tuarascálacha, ráitis do na meáin, óráidí agus miontuairiscí ar chruinnithe de Ghrúpaí Oibre SF faoi chathaoirleacht na Roinne. Cuimsíonn sé chomh maith cóipeanna de Thuarascálacha Bliantúla an Aire Airgeadais.

