Ollbhreathnú ar Chlár CTA

Ollbhreathnú ar Chlár CTA
Clár do Dhídeanaithe Aosacha
Ionad Bhaile Bhlainséir/ Baile Átha Cliath 15)
Soláthraítear ranganna 9r.n. - 1 i.r. cúig mhaidin in aghaidh na seachtaine Tá an cúrsa reatha ar siúl ó Eanáir go Nollaig ach reáchtálaimid cúrsaí níos giorra le freastal ar riachtanas.
Cuimsíonn pleananna don todhchaí dianchúrsaí gearra a reáchtáil ag díriú ar shainriachtanais i measc mac léinn incháilithe (Stampa 4) sa réimse. Tá formhór ár mach léinn seanbhunaithe i mBaile Átha Cliath 15 - an pobal is mó éagsúlachta cultúir in Éirinn - agus beidh seo le feiceáil ar aon chúrsaí nua, ag clúdach réimsí mar fheasacht agus rannpháirtíocht pobail, ullmhú chun oibre, filleadh ar an obair, gnáthBhéarla nó gramadach.
Tá ár ranganna bunaithe ar chur chuige ilteangach, ilchultúrtha Cé go múintear Béarla foirmeálta go laethúil agus go bhfuil páirt mhór aige in obairbhaile, tugtar léargas fairsing ar shochaí agus ar stair na hÉireann, go háirithe na difríochtaí a tharla le teacht an Tíogair Cheiltigh agus na "nua-Éireannach.". Cuimsíonn ranganna tagairt rialta don nuacht agus do chúrsaí reatha.
Cuirtear idirghníomhaíocht shóisialta chun cinn go gníomhach, ar bhriste neamhfhoirmeálta caifé agus ar thurais allamuigh
Ag brath ar leibhéal cumais an ranga, is féidir a bheith ag súil go n-éireoidh leis na mic léinn pas a fháil ar leibhéil 3-5 FETAC i gcaitheamh bliana staidéir. Lena chois sin, déantar measúnuithe Chomhairle na hEorpa agus BULATS (Ollscoil Cambridge) a thairiscint de ghnáth.